Translation Services - world image with translator

Seirbhísí Aistriúcháin Fiontair

Suíomhanna Gréasáin. Doiciméid. Bogearraí.

200 Teanga. 50 Oifig. 1 Réiteach.

Seirbhísí Aistriúcháin: An próiseas a bhaineann le suíomhanna gréasáin, doiciméid theicniúla agus bogearraí a aistriú a shimpliú. Téigh in airde go hidirnáisiúnta le tacaíocht teanga ardchaighdeáin ó STAR.

Seirbhísí don Aistriúchán Teicniúil

I sainréimsí ní mór do dhoiciméid a bheith ceart ó thaobh na teanga de agus cruinn ó thaobh na teicneolaíochta de. Sin an chúis a roghnaíonn daoine ár seirbhísí gairmiúla aistriúcháin. Clúdaímid tionscail amhail Uathoibriú Pacáistiú, Róbataic agus Innealra Tionsclaíoch, Ola agus Gás, Tógáil agus Gléasra Trom, agus i bhfad níos mó.

Seirbhísí Aistriúcháin Innealtóireachta

Aistriúchán do Thionscal na nGluaisteán

Oibríonn 60% de na 10 monaróir mótarfheithicil is fearr ar domhan linn. Foghlaim cén fáth a roghnaíonn siad sinn chun a gcuid doiciméad teicniúil a aistriú.

Seirbhísí Aistriúcháin do Thionscal na nGluaisteán

Aistritheoirí Talmhaíochta / Teicneolaíochta Talmhaíochta

Cabhróimid le do ghnó talmhaíochta / teicneolaíochta talmhaíochta fás agus oibriú go hidirnáisiúnta. Oibrímid le go leor de na monaróirí innealra talmhaíochta is mó ar domhan.

Seirbhísí Aistriúcháin Talmhaíochta

Engineers working on computer - Technical Translation
Red Sports Car - Automotive Translation
Red tractor ploughing field

Aistriúchán Rathúil

D’fhonn go mbeadh aistriúcháin ar ardchaighdeán is é an cleas chuige sin ná téarmaí riachtanacha a aistriú go cruinn ar dtús. Cuireann aistritheoirí gairmiúla, ar cainteoirí dúchais iad, dua orthu féin agus iad i mbun tionscadal chun cruinneas a chinntiú i dtosach báire, rud a éascaíonn cruinneas agus gastacht san aistriúchán. Ar an gcaoi seo beidh gach tionscadal cruinn an chéad uair, gach uair.

Is maith a thuigimid cé chomh tábhachtach is atá na comhaid a sheolann tú lena n-aistriú do do ghnó. Tacaíonn na haistriúcháin ar ardchaighdeán a sholáthraímid go díreach le d’oibríochtaí gnó agus le díolacháin dhomhanda.
Sin an fáth a roghnaíonn cuid de na cuideachtaí is mó ar domhan sinn mar chomhpháirtí straitéiseach sna teangacha.

World Map - Man thinking

Aistriúchán ar Shuíomhanna Gréasáin

Seol do shuíomh gréasáin ar fud an domhain. Aistrímid WordPress, Joomla, DNN Evoq agus níos mó. Mar chomhpháirtí WPML le haghaidh aistriúcháin WordPress, is féidir le d’fhoireann gréasáin tionscadail a sheoladh go díreach chugainn ar mhaithe le comhtháthú níos tapúla agus níos déine le do phróiseas logánaithe.

Seirbhísí Aistriúcháin do Shuíomhanna Gréasáin

Logánú Bogearraí

Déanaimid córais bhogearraí a aistriú agus a logánú, ag cosaint do chóid de réir mar a théimid ar aghaidh. Aistrímid raon leathan feidhmchlár bogearraí lena n-áirítear suíomhanna ríomhthráchtála, bogearraí gluaisteán, bogearraí um chórais chibearshlándála, uirlisí um chosaint frithvíris agus um bogearraí mailíseacha do na brandaí is mó ar domhan. Is féidir linn oibriú in XML, XLIFF, .RESX, Java agus go leor formáidí comhaid bogearraí ceannródaíocha.

Léigh faoi Sheirbhísí Bogearraí Logánaithe

Léigh tuilleadh faoi aistriúchán ar Chórais Chibearshlándála

Security Expert looking at world map - localization

Cad a deir custaiméirí faoin obair a chuirimid ar fáil

“Cuireann STAR cáilíocht sheasmhach aistriúcháin agus praghsáil iomaíoch ar fáil dúinn le hoifigí ar fud an domhain chun freastal ar ár riachtanais.” “Tá cumas STAR ábhar fada casta a aistriú thar barr: d’aistrigh siad 1,000 leathanach dúinn agus ní raibh gá le hathoibriú ar bith”

Custaiméir – Earnáil na Tionsclaíochta

“Tá siad tapa agus is féidir brath orthu. Is ionad ilfhreastail dúinn é STAR; tá na scileanna teicniúla agus an saineolas ábhartha san earnáil a theastaíonn uainn ar fud an bhoird acu.”

Custaiméir – Tionscal na mBogearraí

Léirmheasanna Custaiméirí

Customer References for translator

Aistriúchán ar Shuíomhanna Gréasáin a Dhíolann

Is fearr i bhfad le custaiméirí suíomhanna gréasáin ina dteanga dhúchais a léamh agus táirgí a cheannach uathu. Nuair a aistrítear do shuíomh gréasáin, méadaítear díolacháin ar fud an domhain.

world icon

Dúirt 72.4% de thomhaltóirí gur dóichí go gceannódh siad táirge ó shuíomhanna gréasáin ina dteanga féin.

Oibrímid le WordPress, Joomla, DNN, Evoq agus córais bhainistíochta ábhar eile. Is féidir linn labhairt le d’fhoirne dearaidh agus cabhrú leo do shuíomh a chumasú le haghaidh aistriúcháin duit, rud a dhéanann cuíchóiriú ar an bpróiseas iomlán. Toisc go bhfuil cainteoirí dúchais againn, beidh an chuma ar d’aistriúchán gur scríobhadh do do chustaiméirí deiridh é.

Má dhéanann tú do shuíomh gréasáin a aistriú, feicfidh tú méadú ar chustaiméirí agus díolacháin idirnáisiúnta.

Seirbhísí Aistriúcháin do Shuíomhanna Gréasáin