Droch-Ghaeilge

Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR.

Inniu, pléifimid droch-Ghaeilge agus conas í a aithint agus a sheachaint.

Mar a luamar an tseachtain seo caite, ní mór go mbeadh ár n-aistriúcháin iontach nádúrtha. Mura bhfuil blas nádúrtha orthu, léirítear ní hamháin drochaistriúchán ach droch-Ghaeilge chomh maith. Tá comhairle iontach maidir leis sin ar fáil ar Treoracha d’Aistritheoirí a d’fhoilsigh an Gúm. Seo thíos roinnt samplaí ón treoir sin.

Mí-Úsáid Réamhfhocal

Is minic a fheictear ‘le’ á úsáid go mícheart. Ní úsáidtear ‘le’ sa bhealach céanna is a úsáidtear ‘with’ sa Bhéarla. Feictear ‘fear le gruaig fhada’ nó ‘pósta le cúigear páistí’ nuair is ceart ‘fear a bhfuil gruaig fhada air’ agus ‘pósta agus cúigear páistí aige/aici’ a scríobh. Sampla eile ná ‘daoine cosúil le Seán’. Tá tionchar an Bhéarla ar úsáid ‘le’ san abairt sin. Ba cheart ‘leithéid Sheáin’ a scríobh.

Aistriúchán Focal ar Fhocal

Is minic a bhíonn aistriúchán focal ar fhocal i bhfad rófhada agus róchasta sa Ghaeilge. Tóg ‘Ag an bpointe ama seo’ mar shampla. Is aistriúchán ródhílis ar ‘At this point in time’ é seo. I nGaeilge, is fearr agus is ceart díreach ‘anois’ a chur air. Botúin choitianta eile ná ‘an bhliain seo’ a scríobh seachas ‘i mbliana’ agus ‘dhá sheachtain’ a scríobh seachas ‘coicís’. Níor cheart dúinn neamhaird a thabhairt don phointe sin. Is leid mhór é do léitheoirí nach mbaineann caighdeán ard leis an aistriúchán.

Débhríocht

Is gá dúinn a chinntiú go dtagann ciall an Bhéarla slán le ciall na Gaeilge. Uaireanta, baineann cialla difriúla le focail i dteangacha éagsúla. Is sampla maith é ‘clann’. Measann an-chuid daoine go mbaineann an chiall chéanna le ‘clann’ is a bhaineann le ‘family’. Pé scéal é, níl ciall chomh ginearálta sin ag baint leis. Is é atá i gceist le ‘clann’ ná ‘offspring’ (páistí). Más mian leat tagairt a dhéanamh do na páistí agus do na tuismitheoirí araon, ní mór ‘teaghlach’ nó ‘muintir’ nó ‘líon tí’ a úsáid. Ba cheart a bheith cúramach leis sin chun débhríocht a sheachaint, go háirithe ma tá cainteoir dúchais á léamh.

An Rangabháil Chaite in ionad an tSaorbhriathair

Agus preasráitis agus tuarascálacha bliantúla á n-aistriú againn, ní mór dúinn cuimhneamh gur cheart ‘Dúradh ag an gcruinniú’ a scríobh seachas ‘Bhí sé ráite ag an gcruinniú’.
Níl anseo ach sracfhéachaint ar shamplaí den droch-Ghaeilge. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar suimiúil seo, téigh chuig leathanach 11 de Treoracha d’Aistritheoirí atá ar fáil anseo. Más mian leat blas níos nádúrtha arís a chur ar do chuid Gaeilge, ba cheart duit a bheith ag léamh Gaeilge mhaith chomh minic agus is féidir. Bealach amháin leis sin a dhéanamh ná cúpla alt ar tuairisc.ie a léamh gach lá.

Advert