Seirbhísí Aistriúcháin Béarla

Aistrímid ó níos mó ná 70 teanga go Béarla. Oibríonn ár n-aistritheoirí go cuid de na caighdeáin cháilíochta is airde sa tionscal. Tá cáilíocht deimhnithe de réir chaighdeáin ISO 9001 agus ISO 17100.

Soláthraímid seirbhísí gairmiúla aistriúcháin go Béarla ónár n-oifigí in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe (RA) agus sna Stáit Aontaithe (SAM). Aistrímid fiú ó Bhéarla Mheiriceá go Béarla na Breataine agus vice versa – rud a theastaíonn ó go leor siopaí ar líne agus suíomhanna ríomhthráchtála. Mar sin, cíbe atá de dhíth ort, doiciméad Word a aistriú ó Ghearmáinis go Béarla nó comhad Excel a aistriú ón bhFraincis go Béarla, táimid anseo duit.

Léamh Profaí Béarla

Soláthraímid freisin Seirbhísí léamh profaí Béarla dóibh siúd atá de dhíth orthu a n-ábhar Béarla féin a sheiceáil.

Aistriúchán ó Bhéarla Mheiriceá go Béarla na Breataine.

Do chliaint lonnaithe ar cheachtar de dhá thaobh an Atlantaigh, cuirimid aistriúchán ar fáil i mBéarla Mheiriceá agus i mBéarla na Breataine araon. Is féidir linn do théacs a aistriú agus logánú a dhéanamh air in oiriúint do gach réigiún. Tá go leor difríochtaí idir an dá theanga. An ceann is soiléire ná litriú, ach tá an iliomad difríochtaí téarmaíochta freisin.

Sna Stáit Aontaithe, mar shampla, cloistear ‘Gasoline,’ ‘Patties,’ ‘Chips’ agus ‘Fries’ ach san Eoraip tugtar ‘Petrol,’ ‘Burgers,’ ‘Crisps’ agus ‘Chips’ ar na focail chéanna. Bíonn ‘Hoods’ ar na gluaisteáin i Meiriceá cé go bhfuil ‘Bonnets’ ar ghluaisteáin de chuid na hEorpa. Sna Stáit Aontaithe d’fhéadfá “Cell Phone” a úsáid ach san Eoraip “mobile” a bheadh á úsáid agat nó “Handy” sa Ghearmáin.

Úsáideann Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Dearaidh áirithe Béarla Simplithe chun doiciméad a chruthú – rud a dhéanann an téacs sothuigthe agus níos éasca le haistriú.

Is féidir leat níos mó a léamh maidir leis na difríochtaí idir Béarla Mheiriceá agus Béarla na Breataine anseo:

Tá cineál eile de Bhéarla ar a dtugtar Béarla Idirnáisiúnta a úsáidtear go coitianta i bhForbairt Bogearraí.

Ag díol leis na Stáit Aontaithe? Soláthraímid freisin Aistritheoirí Spáinnise.

Speisialtóirí dírithe ar Thionscail ar leith

Mar chuideachta aistriúcháin, fostaímid níos mó ná 950 duine go domhanda, speisialtóirí tionscail san áireamh.

  • Suíomhanna gréasáin
  • Gnáthdhoiciméid ghnó
  • Doiciméid rialtais
  • Conarthaí d’fhostaithe
  • Doiciméid theicniúla
  • Logánú Bogearraí

Formáidí Comhaid a dTacaímid leo

Is iad seo a leanas cuid den líon leathan formáidí comhaid a dtacaímid leo:

  • QuarkXpress
  • Adobe InDesign agus FrameMaker
  • HTML agus XML
  • AutoCAD DXF
  • Microsoft PowerPoint, Word agus Excel
  • Acrobat PDF
  • Páipéar agus facs

Saineolas Innealtóireachta, Gluaisteán agus Teicniúil

Tá taithí fhairsing faighte againn in earnálacha na ngluaisteán agus na hinnealtóireachta teicniúla de bharr a bheith ag obair le custaiméirí amhail BMW, DaimlerChrysler, Mowag agus Tag Heuer le níos mó ná 20 bliain. Mar gheall ar shaineolas ár bhfoirne aistritheoirí, cuirtear ar fáil na haistriúcháin theicniúla is fearr le haghaidh do thionscadal. Gné an-tábhachtach chun seirbhísí ar ardchaighdeán a sheachadadh chugat.

Léigh tuilleadh maidir le seirbhísí aistriúcháin teicniúla d’Earnáil Thionscal na nGluaisteán agus d’Earnáil na hInnealtóireachta.

Sainseirbhísí Aistriúcháin ó Ghearmáinis go Béarla

Oibrímid le go leor cuideachtaí Gearmánacha ag cabhrú leo lena gcáipéisí le haghaidh mhargaí RA agus SAM. Má tá sé de dhíth ort doiciméid a aistriú ó Ghearmáinis go Béarla, is féidir linn cabhrú leat.

Foilseacháin na hEarnála Poiblí

Bíonn gá leis na caighdeáin cháilíochta is airde agus an cumas tionscadail mhóra aistriúcháin a sholáthar chun aistriúchán a sheachadadh don earnáil phoiblí agus do ranna rialtais. De bharr ár gcuid oibre le roinnt foras de chuid na hearnála poiblí agus le gníomhaireachtaí rialtais ag seachadadh doiciméad i réimse na bpinsean, an leasa, na hinimirce agus sláinte agus sábháilteachta, tá taithí agus saineolas faighte againn chun aistriúcháin ar ardchaighdeán a sheachadadh sna réimsí sin duitse. Aistrítear doiciméid go teangacha amhail an Ghaeilge, Sínis, Araibis, Rómáinis, Rúisis, Polainnis agus Fraincis, le haghaidh na náisiúntachtaí go léir atá ina gcónaí in Éirinn agus sa RA.

Féach ar ár bpéirí teanga go léir

Péirí Teanga a bhfuil an Tóir is mó Orthu

Mar ghníomhaireacht aistriúcháin is féidir linn beagnach gach aon teanga a aistriú go Béarla. Soláthraímid freisin aistriúchán idir na cineálacha éagsúla Béarla: Béarla na Breataine agus Béarla Mheiriceá. Bíonn difríochtaí éagsúla eatarthu maidir le litriú, gramadach agus téarmaíocht: color go colour; trunk go boot; gas go petrol. Tá na péirí teanga a bhfuil an tóir is mó orthu liostaithe mar seo a leanas:

  • Aistriúchán ó Fhraincis go Béarla
  • Aistriúchán ó Bhéarla Mheiriceá go Béarla na Breataine
  • Aistriúchán ó Ghearmáinis go Béarla
  • Aistriúchán ó Spáinnis go Béarla
  • Aistriúchán ó Iodáilis go Béarla
  • Aistriúchán ó Shínis go Béarla
  • Aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla
  • Aistriúchán ó Sheapáinis go Béarla
  • Aistriúchán ó Phortaingéilis go Béarla
  • Aistriúchán doiciméid Word ó Ghearmáinis go Béarla

An Raibh a Fhios Agat?

Tugtar focal nua isteach sa Bhéarla gach 98 nóiméad? Foinse: Global Language Monitor, 2009

Naisc Sheachtracha Úsáideacha

Béarla Simplithe: Cineál caighdeánach de Bhéarla scríofa chun ceapadóireacht agus aistriúchán a éascú.

Béarla Idirnáisiúnta: Caighdeán aonghnéitheach don Bhéarla a úsáidtear i Lámhleabhair Theicniúla.

(c) Copyright 2002-2025 - STAR Translation Services Dublin