colour-1885352_1280

An Bhrí atá le Dath timpeall an Domhain

Sa lá atá inniu ann má tá tú ag déanamh do ghnó ar leibhéal idirnáisiúnta tá taithí agat ar d’aird a dhíriú ar chultúr agus tú ag dearadh táirgí. B’fhéidir nach n-oibreodh rud i gcultúr amháin cé go n-oibreodh sé i gcultúr eile agus mar sin ní mór duit a bheith ar an eolas faoi seo.

Mar sin féin is cuid den chultúr nach dtugtar aird uirthi go minic é “Dath”. Níl dathanna díolmhaithe ó na rialacha logánaithe agus oiriúnaithe cultúrtha. Is féidir le dath rudaí difriúla a chur in iúl ag brath ar an áit as a dtagann tú. San alt seo táimid chun liosta áisiúil a thabhairt duit de réigiúin, dathanna agus an bhrí atá leo chun cabhrú leat le d’obair dhearaidh.

Baineann seirbhísí aistriúcháin le heolas a chur ar fáil do chustaiméirí. Áirítear sa chumarsáid gach rud a fheicimid, a chloisimid nó a theagmhaímid chomh maith. Mar ghníomhaireacht aistriúcháin ghairmiúil ní mór dúinn a bheith feasach maidir le dath i ndearadh agus i réimsí ar nós na n-íomhánna a úsáidimid, guthuithe, fuaime agus an chuma atá ar tháirgí agus an chaoi a mothaíonn custaimeirí iad. Is cuid lárnach dár ról é feasacht idirnáisiúnta a bheith againn mar go bhfuilimid ag obair le custaiméirí a dhíolann ar fud an domhain.

Cultúir an Iarthair (na Stáit Aontaithe agus Iarthar na hEorpa):


Buí
Is féidir le teas na gréine (dath an tsamhraidh), fáilteachas a chur in iúl. Sa Fhrainc agus sa Ghearmáin, is féidir go gciallódh sé éad.
Oráiste
Fómhar, teas, baint an fhómhair, inacmhainneacht. San Ísiltír baineann sé le ríochas. Ó thaobh na brandála de tá sé níos feiliúnaí do leanaí agus taitníonn sé le tobcheannaitheoirí. Léiríonn sé fiosracht agus cruthaitheacht freisin.
Dearg
Grá, Contúirt, Gníomh.
Bándearg
Banúlacht, grá, rómánsaíocht, cion.
Donn
Praiticiúlacht, Compord agus Seasmhacht.
Uaine
Go minic is éad a chuirtear in iúl. In Éirinn, seasann sé don ádh, mar gheall ar an tseamróg. Is féidir leis dul chun cinn agus feasacht comhshaoil, saint, earrach, airgead agus úire a léiriú freisin.
Gorm
Iontaobhas agus údarás. Bainteach le suaimhneas agus buairt freisin (“Having the blues” a bheith in ísle brí). Fearúlacht.
Corcra
Ríochas, spioradáltacht, saibhreas agus clú. I gcodanna áirithe den Eoraip, baineann sé le bás.
Dubh
Is féidir leis sofaisticiúlacht agus foirmiúlacht a léiriú. Tugann sé bás, brón, imeaglú agus sochraidí le fios.
Bán
Glaineacht, neamhchiontacht, maitheas agus síocháin. Úsáidtear bán ag sochraidí san Iodáil. pencils

Cultúir an Oirthir/na hÁise:


Buí
Gnéithe dearfacha aige. Sa tSeapáin, is dath ríoga é a léiríonn misneach agus rath. Sa tSín ciallaíonn sé pornagrafaíocht. Sa Téalainn is dath ádhúil é don Luan.
Oráiste
Is dath diaga é san India a chiallaíonn grá, spioradáltacht (faoi thionchar láidir Hiondúch/Búdaíoch). Sa tSeapáin/tSín ciallaíonn sé misneach, sonas, rath agus dea-shláinte.
Dearg
Ádh, Saol Fada, sonas, rath, fuinneamh (San India, an dath is láidre = glaineacht, saibhreas, torthúlacht, grá, áilleacht, cumhacht).
Bándearg
Banúlacht, grá, rómánsaíocht, cion. Sa tSeapáin, baineann sé níos mó le fir ná le mná. Sa Chóiré, léiríonn sé iontaoibh.
Donn
Brón san India. Cré, Dícheallach don chuid eile.
Uaine
Nádúr, torthúlacht, dóchas, saol agus óige. Sa tSín ciallaíonn sé mídhílseacht.
Gorm
Neamhbhásmhaireacht, banúil, leigheas agus scíth. San India, léiríonn sé spórt agus neart.
Corcra
Saibhreas, pribhléid, ríochas agus spioradáltacht. Uaisleacht, compord agus brón san India. Comhartha bróin sa Téalainn.
Dubh
Sa tSín, sin na dathanna do bhuachaillí beaga agus tugann sé dea-shláinte, cobhsaíocht agus rath le fios chomh maith. Sa tSeapáin, ciallaíonn sé mistéir agus fuinneamh banúil. San India, donas, éirí amach, dorchadas, diúltachas nó bás.
Bán
Léiríonn sé bás agus brón chomh maith le míshonas agus mí-ádh. pencils

An Meánoirthear:


Buí
San Éigipt ciallaíonn sé brón. Tá sé níos dearfaí sa chuid eile go ginearálta áfach agus ciallaíonn sé sonas agus rath.
Oráiste
Brón agus bás.
Dearg
Contúirt, faichill agus olc.
Donn
Síocháin, Cré agus compord.
Uaine
Torthúlacht, neart agus an t-ádh. Dath Ioslam.
Gorm
Sábháilteacht, neamh agus spioradáltacht. Ciallaíonn sé brón freisin.
Corcra
Saibhreas, suáilce agus ríochas.
Dubh
Olc, mistéir agus brón. Is féidir leis athbhreith a léiriú freisin.
Bán
Glaineacht agus brón.

pencils

Meiriceá Laidineach:


Buí
Brón.
Oráiste
Grian agus Cré.
Dearg
Paisean.
Bándearg
Tá sé siombalach san ailtireacht.
Uaine
Dath náisiúnta Mheicsiceo a chiallaíonn tírghrá. Ach ciallaíonn sé bás i roinnt tíortha de chuid Mheiriceá Laidinigh agus Mheiriceá Theas.
Gorm
Is féidir leis brón a léiriú i Meicsiceo.
Corcra
Sa Bhrasaíl, léiríonn sé brón nó bás.
Dubh
Fearúlacht agus úsáidtear é don bhrón chomh maith.
Bán
Síocháin.

pencils

An Afraic:


Buí
Saibhreas agus stádas.
Dearg
Íobairt agus brón.
Corcra
Ríochas agus Saibhreas.
Dubh
Aibíocht agus Fearúlacht go ginearálta.
Bán
Síocháin, glaineacht, maitheas agus dea-ádh. San Aetóip, léiríonn sé tinneas.
Maidir leat féin, an bhfuil eolas agat ar aon bhrí eile leis na dathanna seo timpeall an domhain? Tabhair do bharúil thíos agus inis dúinn do thuairim faoi na cultúir éagsúla seo.

Suímh dhearaidh úsáideacha eile duit…

Advert