An Botún is mó san Aistriúchán

Tá scéal léite nó cloiste ag gach duine faoi bhotúin san aistriúchán, mí-aistriúcháin ghreannmhara nó doiciméid a aistríodh go dona. Ach cad é an botún is mó agus is dócha is measa san aistriúchán?

Is é aistriú d’uireasa Comhthéacs an botún is measa san aistriúchán.

Aisteach go leor, tá an freagra sách simplí. Tá sé tugtha faoi deara agam ó mo thaithí a bheith ag obair sa tionscal le breis agus 30 bliain gurb é an botún aonair is mó san aistriúchán ná a bheith míchúramach le haistriúchán gearr. Faoi mar a thuigfeá, is éard atá i gceist le haistriúchán gearr ná aistriúchán ar chúpla focal nó abairt amháin. Is iad na tionscadail aistriúchán beag nó gearr na cinn a bhfuil an ráta is airde earráidí acu!

Tá an chúis leis seo simplí: leisciúlacht agus brú chun an sprioc-am a bhaint amach. Caithfidh tú an méid céanna oibre, agus b’fhéidir níos mó, a chur isteach i dtionscadail bheaga ná mar a chuirfeá isteach i gcinn níos mó.

Chun é seo a thuiscint, ní mór duit smaoineamh ar na cineálacha earráidí a d’fhéadfadh tarlú.

Botún an Údar-Dearthóra

Bíonn an chuid is mó d’fhorbróirí bogearraí, dearthóirí gréasáin agus bainisteoirí margaíochta faoi bhrú i gcónaí chun sprioc-amanna dochta a bhaint amach. Tarlaíonn sé sách minic, go mbeidh cúpla focal le cur le doiciméad, comhad nó cóip bróisiúr anseo is ansiúd mar gheall ar athrú orthu ag an nóiméad deireanach — anois tá tú i gcruachás — tá ort an téacs seo a sheoladh chuig d’aistritheoirí gairmiúla. B’fhéidir go mbeidh ort ordú ceannacháin a ardú nó cead a fháil airgead breise a chaitheamh. Ansin caithfidh tú an téacs a fháil ar ais ón ngníomhaireacht aistriúcháin, a gcuid ceisteanna a fhreagairt agus ansin an téacs a chur ar ais i do chuid comhad. D’fhéadfadh an próiseas seo lá nó dhó a thógáil agus ní mór é a sheoladh láithreach.

Nach é sin a dhéanann Google Translate? Cén fáth nach bhféadfá an téacs gearr a chlóscríobh isteach in Google Translate, an téacs aistrithe a chóipeáil agus é a chur isteach sa chorp féin? Cinnte níl aistriúchán chomh deacair sin? Ach tá botún mór déanta agat!

Níl in Google Translate agus uirlisí meaisínaistriúcháin eile ach innill éirime. Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad go maith ag tabhairt aistriúchán ginearálta nó doiléir duit seachas aistriúchán beacht — níl siad cruinn — a mhalairt ar fad i ndáiríre.

Má thógann tú focal ó uirlis mheaisínaistriúcháin mar Google Translate, is cosúil é le frása aistrithe a roghnú i dteanga nach dtuigeann tú, é a chur i bhfeidhm agus súil a bheith agat go bhfuil sé cruinn.

Earráidí Teanga:

Tá gach teanga an-difriúil agus is amhlaidh atá a struchtúir. Tá roinnt focal sa Spáinnis a bhfuil leaganacha fireanna agus baineanna acu — mar sin ba chóir go mbeadh a fhios agat cén focal atá á chóipeáil agat.

Má tá tú ag obair le SínisAraibis, níor chóir duit téacs a ghearradh agus a ghreamú ar mheaisín a bhfuil Béarla mar theanga air mar déanfaidh sé an téacs a thruailliú má tá na clónna teanga / méarchlár mícheart suiteáilte agat ar do mheaisín.

Tá rialacha sa Pholainnis agus sa Ghearmáinis maidir le fleiscíní difriúil leis na cinn atá sa Bhéarla. Ní féidir an chéad fhocal eile a aistriú go líne nua mura bhfuil spás ann dó. Caithfidh roinnt focal/frásaí fanacht le chéile ar nós comhfhocal.

An Botún Comhthéacs

Mar bhuille scoir, an ceann is mó ná earráidí comhthéacs. Ní féidir leat focal amháin féin a aistriú mura bhfuil an comhthéacs ar eolas agat maidir le cén áit ina bhfuil an téacs in úsáid, agus cén fáth. Go háirithe i gcás rudaí a dtugann teangeolaithe comhainmneacha orthu.

Féachaimis ar an bhfocal “press” i mBéarla. Cad a chiallaíonn sé?

  • “Press” i.e. cnaipe a bhrú
  • “Press” i.e. cófra in aice le do leaba
  • “Press” i.e. clóphreas
  • “Press” i.e. na meáin chló i.e. nuachtáin, na meáin etc.,

Ní aistreoidh Google an focal seo i gceart mura bhfuil níos mó eolais aige faoin gcomhthéacs. Fiafróidh aistritheoir gairmiúil den chliant i gcónaí cé leis a mbaineann an téacs atá siad a aistriú. Tá go leor samplaí de seo. Cuir i gcás an comhainm “airm”, i mBéarla…

  • “Arm”, géag duine
  • “Arm”, slios ARM (Ardmheaisíní RISC)
  • “Arm”, mar bhriathar, rud a chur i bhfearas ar nós aláraim
  • “Arm”, mar bhriathar, uirlis troda a thabhairt do dhuine

Cén fáth a bhfuil comhthéacs tábhachtach?

An gá dom leanúint ar aghaidh? Tá sé an-éasca meaisínaistriúchán d’fhocal amháin a thógáil agus a chur i bhfeidhm.

Cén áit a bhfaighimid an cineál seo earráid?

Faighimid na focail seo a mbaintear an úsáid mhícheart astu ar roghchláir agus giuirléidí suíomh gréasáin. Is minic a bhíonn an obair mhór déanta ar an Suíomh Gréasáin agus ansin tar éis athbhreithniú a dhéanamh leis an gcliant b’fhéidir go mbeadh roinnt mionathruithe le déanamh.

Tá formhór na roghchlár suíomh gréasáin códaithe i rudaí a dtugtar giuirléidí orthu. Níl ach cúpla focal sna giuirléidí seo go hiondúil. Mar sin tá sé éasca ag duine díreach an méid atá leagtha amach againn thuas a dhéanamh.

Seans go gceapfadh daoine: ‘níl ach cúpla focal le haistriú’. Cén fáth a gcaithfí seachtainí le haistritheoirí ar ábhair roghchláir? In ionad na trí lá deireadh a chaitheamh ag obair ar an roghchlár nó ar na huas-cheannlínte a bhaineann leis, úsáid meaisínaistriúchán nó cuir ceist ar chara [who speaks that language natively] chun aistriúchán tapa agus garbh a dhéanamh air.

Ag STAR, is minic a sheiceálfaimid suímh ghréasáin ár gcustaiméirí cúpla seachtain tar éis dúinn iad a aistriú chun a chinntiú nár cuireadh aon teaghráin bhreise leis tar éis dúinn an t-aistriúchán oifigiúil a chríochnú: chun a chaighdeán a chinntiú.

An Chuid Ghreannmhar

Mar fhocal scoir, inseoidh mé an ceann seo daoibh. Aisteach go leor úsáideann fir ghrinn agus scríbhneoirí an fhadhb seo go héifeachtach i sceitsí. Tá cumarsáid earráideach agus míthuiscint comhthéacs mar bhunús le go leor scéalta grinn.

Tar éis do chara liom filleadh ó Newcastle, Sasana, cuireadh an cheist air, “Cén fáth ar eitil tú go Newcastle?”* “Mar go raibh sé rófhada le siúl”, a d’fhreagair sé.

*Mar eolas daoibh, tá go leor freagraí ar an gceist ag brath ar an gcomhthéacs agus an chiall intuigthe.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfáth ar féidir le haistriúchán gearr agus neamhchostasach a bheith an-chostasach, féach ar na naisc seo a leanas.

Alt le Damian Scattergood, Stiúrthóir Bainistíochta STAR Translation. Tá taithí de bhreis is 30 bliain ag Damian i ngnó an aistriúcháin agus i dtionscal an logánaithe.

Advert