An Difríocht Idir Aistriúchán agus Logánú
Aistriúcháin a oiriúnú do mhargaí áitiúla.
Uaireanta iarrtar orainn aistriúchán a dhéanamh nuair is logánú i ndáiríre atá ag teastáil ón gcliant, ní aistriúchán.
Tá an t-aistriúchán agus an logánú an-difriúil agus tá sé tábhachtach na difríochtaí a thuiscint sula leanann tú ar aghaidh le meastachán. Céard í an difríocht idir an t-aistriúchán agus an logánú mar sin?
An tAistriúchán Gairmiúil
Is éard atá i gceist leis an Aistriúchán Gairmiúil ná nuair a dhéanann aistritheoir daonna léiriú fíor agus cruinn ar do bhuntéacs (téacs Bhéarla de ghnáth) i dteanga eile. Mar shampla, b’fhéidir go n-aistreoinn do théacs ó Bhéarla go Fraincis.
An rud is tábhachtaí anseo ná go gcaithfidh aistriúchán ábhar agus stíl na cáipéise Béarla a thabhairt slán. Má tá do théacs Béarla foclach agus gan stíl, beidh do théacs Fraincise mar an gcéanna. Ar am gcaoi chéanna, más téacs achomair gonta é do théacs, beidh an Fhraincis mar an gcéanna. Caithfidh an t-aistriúchán gairmiúil a bheith i gcónaí dílis don bhuntéacs. Mar sin, tosaíonn caighdeán d’aistriúcháin le caighdeán do cháipéise Béarla. Dá shoiléire do cháipéis Béarla, is ea is soiléire a bheidh do cháipéis Fhraincise tar éis aistriúchán a dhéanamh uirthi.
Céard é an Logánú?
Uaireanta bíonn obair logánaithe ag teastáil ó chustaiméirí ar a gcuid cáipéisí, rud atá difriúil ó aistriúchán amháin. Don logánú, bíonn próiseas eile curtha leis ina mbíonn ar an aistritheoir an téacs a athrú chun é a oiriúnú don mhargadh áitiúil. Is “logánú” é an t-athrú téacs seo ar an teanga áitiúil.
Uaireanta tiocfaidh tú air seo i mbróisiúir nuair atá sé iarrtha ag custaiméir orainn an téacs a athrú chun é a dhéanamh níos fearr don mhargadh áitiúil. Bíonn canúint curtha san áireamh chomh maith do spriocmhargaí áirithe. D’fhéadfá a rá go bhfuil sé cosúil leis an gcóipscríbhneoireacht. Bíonn téacs nua le cur isteach go minic agus bíonn an logánú níos costasaí ná an t-aistriúchán dá bharr. Caithfidh an cháipéis a bheith aistrithe ar dtús agus ansin déantar logánú uirthi sula ndéantar an léamh profaí deiridh.