Maidir le

Le os cionn 50 oifig in os cionn 30 tír, is féidir linn d’ábhar a aistriú agus cabhrú leat custaiméirí nua a fháil chun borradh a chur faoi do dhíolacháin dhomhanda.

Seirbhísí agus Córais

Doiciméid agus suíomhanna gréasáin

  • Aistriúchán gairmiúil do dhoiciméid agus do shuíomhanna gréasáin in os cionn 200 teanga. Oibrímid leis an Rialtas agus le gnólachtaí tráchtála.

Díolachán agus Margaíocht

  • Lig dúinn do bhróisiúir, d’ábhar bolscaireachta agus do shuíomh gréasáin a aistriú chun líon níos airde custaiméirí idirnáisiúnta a fháil.

Doiciméid Theicniúla

  • Aistrímid lámhleabhair, bileoga eolais agus doiciméid theicniúla chun cabhrú le custaiméirí gach aon tairbhe a bhaint as a dtáirgí.

Córais Bhogearraí

  • Agus muid ag obair le córais bhainistíochta inneachair éagsúla, le forbairt bogearraí agus le foirne logánaithe, is féidir linn beocht a chur i do chóras ar fud na cruinne.

Foilsitheoireacht Ilteangach Deisce

  • Is féidir linn cabhrú leat do dhoiciméid agus do leagan amach teicniúil a chur ar fáil i dteanga ar bith. Oibrímid le príomhchórais an domhain lena n-áirítear Adobe Creative Cloud, QuarkXpress, FrameMaker agus go leor eile.

Cén fáth STAR?

Ionad Ilfhreastail

  • Is éasca a bhíonn cumarsáid le STAR. Táimid tapa agus iontaofa, oilte go teicniúil agus tá an saineolas earnála ábhartha a theastaíonn uait againn.

Cáilíocht Dheimhnithe

  • Soláthraímid cáilíocht aistriúcháin chomhsheasmhach agus praghsáil iomaíoch. Bainimid úsáid as aistritheoirí ar cainteoirí dúchais iad le go mbeadh an caighdeán aistriúcháin ag an leibhéal is airde is féidir leis a bheith.

Bainistíocht Tionscadail Den Scoth

  • Gheobhaidh tú bainisteoir tionscadail tiomnaithe atá dírithe ar an gcustaiméir, macánta agus ar fáil nuair a theastaíonn sé/sí uait. Mar sin, beidh tú i gcónaí ar an mbóthar ceart.

Ár gCustaiméirí

Oibrímid le cliaint i réimsí éagsúla lena n-áirítear margaíocht dhigiteach, teicneolaíocht na talmhaíochta, innealtóireachta theicniúil, innealra agus foilsitheoireacht bogearraí. I measc na gcustaiméirí tá BMW, CRH, Hilti, APC, Schneider Electric, Cummins, FG Wilson, IDA Ireland, International Dairy Queen, Kingspan, Tomra, TRW agus cuid mhór eile.

Seirbhísí Aistriúcháin

Tá saineolas againn ar an aistriúchán teicniúil agus cabhraímid lenár gcustaiméirí foilseacháin theicniúla iontacha a chur ar fáil ar fud an domhain.

Seirbhísí Aistriúcháin do:

  • WordPress, DNN Evoq, Joomla, Adobe AEM etc.
  • Adobe InDesign and FrameMaker; Microsoft Word, Excel agus PowerPoint; QuarkXpress
  • XML; XLIFF; ASP; HTML agus cuid mhór eile

Ainmneacha Trádála

Déanann an chuideachta trádáil faoi na hainmneacha seo a leanas.

Is faoi Key Performance Solutions Limited atá clárú oifigiúil na cuideachta.

Déanaimid trádáil faoin ainm STAR Translation Services agus faoi STAR Technology Solutions.