laptop with world on screen

Rochtain ar Rathúlacht Domhanda: Cuireann STAR Translation an Rathúlacht sin ar fáil duit

An bhfuil tú réidh chun an domhan a cheansú? Samhlaigh dá mbeadh do bhranda in ann dul i bhfeidhm go mór ar an saol thar teorainneacha, cultúir agus teangacha gan stró ar bith. Ag STAR, ní hamháin go n-aistrímid; déanaimid d’ábhar a athrú ina fhórsa cumhachtach domhanda.

  • Cruinneas i ngach Focal: Caitheann ár n-aistritheoirí saineolacha dua le múnlú an aistriúcháin ionas go nochtar ann croí na teachtaireachta s’agat. Bíodh is gur doiciméad dlíthiúil, gur ábhar margaíochta, nó gur treoirleabhar teicniúil é, cinntímid cruinneas agus grinneas.
  • Comhsheasmhacht an Bhranda: Aithnítear tú le do bhranda. Tuigimid sin. Le hAistriúcháin STAR, bíonn an chiall chéanna le do bhranda sna teangacha go léir. Deireadh le cailleadh na bunbhrí agus le teachtaireachtaí nach bhfuil de réir a chéile.
  • Aimsiú Domhanda: Oibrímid le breis agus 200 teanga. Ón Mandairínis go Spáinnis, ón Araibis go Rúisis, tá tú slán sábháilte linn. Cinntíonn ár líonra leathan cainteoirí dúchais íogaireacht agus ábharthacht chultúrtha.

Cén fáth ar cheart duit gnó a dhéanamh linn?

Le níos mó ná 50 oifig ar fud an domhain ina n-oibríonn breis is 950 speisialtóir, cabhróimid leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí do dhoiciméid, do chomhaid agus d’ábhar a aistriú go beagnach aon teanga. Tá ár seirbhísí aistriúcháin deimhnithe de réir chaighdeáin cháilíochta ISO 9001 agus ISO 17100 . Bíonn cuideachtaí amhail BMW, Ferrari chomh maith le ranna rialtais ar fud na cruinne ag brath orainn gach lá le seachadadh. Is féidir leat brath ar STAR.

Teistiméireachtaí ó Chustaiméirí:

Léigh an méid a deir ár gcustaiméirí fúinn.

World Earth Translation Files

Rud Domhanda atá sa Ghnó

Tá sé an-tábhachtach labhairt le do chustaiméirí ina dteanga féin. Ag STAR, cabhraímid leat ábhar a chur ar fáil sa teanga a theastaíonn ó do chustaiméirí. Cabhraíonn seirbhísí aistriúcháin le freastal ar do chustaiméirí domhanda.

“Dúirt 72.4% de thomhaltóirí gur mhó an seans go gceannóidís táirge dá mbeadh eolas air ar fáil ina dteanga féin.”

Seirbhísí Aistriúcháin do Shuíomhanna Gréasáin

Lig dúinn do shuíomh gréasáin a aistriú agus dírigh ar chustaiméirí nua i margaí nua nó cuir seirbhís níos fearr ar fáil do na cinn atá ann cheana féin. Aistrímid go leor de na príomhchórais lena n-áirítear WordPress, DNN, Joomla, Expression Engine, agus go leor eile. Oibrímid le córais CMS do chustaiméirí, agus formáidí comhaid teicniúla amhail XLIFF. Is féidir linn comhairle a chur ar fáil maidir le nascóirí CMS do go leor de na príomhchórais bhainistíochta inneachair.

Aistriúchán do Shuíomhanna Gréasáin

Seirbhísí Aistriúcháin do Dhoiciméid

Bíodh sé ina lámhleabhar teicniúil nó ina lámhleabhar fostaí, déanfaimid d’aistriúchán doiciméid a láimhseáil duit ón doiciméad bunaidh go dtí an leagan amach deiridh in PDF, más gá.

Aistriúchán Doiciméid

Margaíocht Dhigiteach agus Barr Feabhais san Optamú Innill Cuardaigh

I réimse dinimiciúil na Margaíochta Digití agus SEO, ní leor focail amháin. Tá cuideachta uait a tharchéimníonn teorainneacha, a labhraíonn le luchtanna spéise éagsúla, agus a chuireann le do thionchar branda. Fáilte chuig STAR Translations—an droichead idir d’fhís agus rath domhanda.

Aistriúchán Margaíochta Digití: Níl Léamh ná Scríobh air

  • Aistriúchán Físe: Tá lucht féachana domhanda tuillte ag do scéal branda. Athraíonn Aistriúcháin STAR do chuid físeán agus cinntíonn sé cumarsáid gan bhac trí theangacha. Ó thaispeántais táirgí go teachtaireachtaí corparáideacha, tá tú slán sábháilte linn.
  • Guthú: Feabhsaigh d’ábhar ilmheán le guthú gairmiúil. Is cuma más físeán míniúcháin nó más podchraoladh atá i gceist, cuireann ár dteangeolaithe inchreidteacht agus soiléireacht ann.
  • Comhthaobhacht Mhargaíochta: Bróisiúir, fógráin, agus ábhair bholscaireachta—déanann STAR Translations ábhar láidir a théann i bhfeidhm ar do spriocmhargaí. Ní chailltear ciall. Seachas sin, tugtar teachtaireachtaí a bhfuil dul i bhfeidhm iontu.
  • Aistriúchán Fhógraí Google: Ná caill amach ar chustaiméirí idirnáisiúnta. Cuireann ár saineolaithe fógraí Google in oiriúint go snasta agus cinntíonn siad an teagmháil is leithne agus toradh ar infheistíocht.

Seirbhísí Bainistithe SEO: Nascleanúint ar an Tírdhreach Digiteach

  • Optamú Suíomhanna Gréasáin: Comhoibríonn STAR Translations lenár bhfoireann Seirbhísí Bainistithe SEO chun do shuíomh gréasáin a mhionchoigeartú le haghaidh infheictheachta domhanda. Eochairfhocail, meitichlib, agus ábhar —go léir ailínithe le go n-éireoidh leat tríd an inneall cuardaigh.
  • Logánú Ábhar: Taobh amuigh d’aistriúchán, déanaimid d’ábhar gréasáin a bharrfheabhsú d’innill chuardaigh áitiúla. Baineann tábhacht le comhthéacs cultúrtha, agus cinntímid go gcluintear an teachtaireacht cheart.
  • Nasc Straitéisí Tógála: Tógann ár ndraoithe SEO naisc thagartha údarásacha, rud a fheabhsaíonn creidiúnacht agus rátálacha cuardaigh do shuímh.

Téigh isteach sa Mhargadh Domhanda le STAR

Tosaíonn do thuras digiteach anseo. Ní le teanga amháin a bhaineann STAR Translations; baineann sé le tionchar. Glacaimis seilbh ar na margaí, meallaimis an lucht spéise, agus tiomáinimis do bhranda chun airde nua.

Aistriúchán don Mhargaíocht Dhigiteach

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

  1. Cad iad na teangacha a thairgeann tú?
    • An Freagra: Cuirimid seirbhísí aistriúcháin ar fáil i níos mó ná 200 teanga. Bíodh is go mbeadh aistriúchán doiciméad go Spáinnis, Sínis, Araibis, nó aon teanga eile uait, is féidir brath orainn
  2. Cá fhad atá tú i mbun gnó?
    • An Freagra: Tá STAR Translations sa tionscal le blianta fada, rud a chinntíonn cáilíocht agus iontaofacht. Ligeann ár dtaithí fhairsing dúinn tionscadail éagsúla a láimhseáil i réimsí éagsúla
  3. Cad atá éagsúil fút i gcomparáid le cuideachtaí aistriúcháin eile?
    • An Freagra: Seasaimid amach mar gheall ar ár láithreacht dhomhanda le 50 oifig ar fud an domhain agus le foireann de bhreis is 950 saineolaí. Táimid deimhnithe de réir ISO 9001 agus ISO 17100, rud a chinntíonn caighdeán den scoth
  4. An gcuireann tú seirbhísí aistriúcháin do shuíomhanna gréasáin ar fáil?
    • An Freagra: Cuireann, tá saineolas againn ar an aistriúchán do shuíomhanna gréasáin. Más ag díriú ar mhargaí nua nó ag feabhsú seirbhíse do chustaiméirí atá ann cheana féin atá tú, is féidir lenár bhfoireann ábhar a aistriú ó ardáin amhail WordPress, Joomla, and ó ardáin eile
  5. An féidir leat foilseacháin theicniúla agus lámhleabhair úsáideora a láimhseáil?
    • An Freagra: Cinnte! Láimhseálaimid aistriúchán ar dhoiciméid theicniúla, lena n-áirítear lámhleabhair agus treoirleabhair. Ón doiciméad bunaidh go dtí an leagan amach deiridh in PDF, is féidir leat brath orainn
  6. Cad mar gheall ar mhargaíocht dhigiteach agus SEO?
    • An Freagra: Baineann ár seirbhísí le haistriúchán margaíochta digití, logánú físe, guthú, agus fiú aistriúchán Fhógraí Google. Cinntíonn ár bhfoireann Seirbhísí Bainistithe SEO go mbainfidh d’ábhar ar líne a lánacmhainneacht amach

Tá cumarsáid éifeachtach i dteangacha éagsúla ríthábhachtach do rath gnó domhanda. Tá STAR anseo chun cabhrú leat bearnaí teanga a líonadh agus chun do theagmháil a leathnú

Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár seirbhísí féach ar ár Rannóg CCanna