Speisialtóirí dírithe ar Thionscail ar leith
Mar chuideachta aistriúcháin, fostaímid níos mó ná 950 duine go domhanda, speisialtóirí tionscail san áireamh.
- Suíomhanna gréasáin
- Gnáthdhoiciméid ghnó
- Doiciméid rialtais
- Conarthaí d’fhostaithe
- Doiciméid theicniúla
- Logánú Bogearraí
Formáidí Comhaid a dTacaímid leo
Is iad seo a leanas cuid den líon leathan formáidí comhaid a dtacaímid leo:
- QuarkXpress
- Adobe InDesign agus FrameMaker
- HTML agus XML
- AutoCAD DXF
- Microsoft PowerPoint, Word agus Excel
- Acrobat PDF
- Páipéar agus facs
Saineolas Innealtóireachta, Gluaisteán agus Teicniúil
Tá taithí fhairsing faighte againn in earnálacha na ngluaisteán agus na hinnealtóireachta teicniúla de bharr a bheith ag obair le custaiméirí amhail BMW, DaimlerChrysler, Mowag agus Tag Heuer le níos mó ná 20 bliain. Mar gheall ar shaineolas ár bhfoirne aistritheoirí, cuirtear ar fáil na haistriúcháin theicniúla is fearr le haghaidh do thionscadal. Gné an-tábhachtach chun seirbhísí ar ardchaighdeán a sheachadadh chugat.
Léigh tuilleadh maidir le seirbhísí aistriúcháin teicniúla d’Earnáil Thionscal na nGluaisteán agus d’Earnáil na hInnealtóireachta.
Sainseirbhísí Aistriúcháin ó Ghearmáinis go Béarla
Oibrímid le go leor cuideachtaí Gearmánacha ag cabhrú leo lena gcáipéisí le haghaidh mhargaí RA agus SAM. Má tá sé de dhíth ort doiciméid a aistriú ó Ghearmáinis go Béarla, is féidir linn cabhrú leat.
Foilseacháin na hEarnála Poiblí
Bíonn gá leis na caighdeáin cháilíochta is airde agus an cumas tionscadail mhóra aistriúcháin a sholáthar chun aistriúchán a sheachadadh don earnáil phoiblí agus do ranna rialtais. De bharr ár gcuid oibre le roinnt foras de chuid na hearnála poiblí agus le gníomhaireachtaí rialtais ag seachadadh doiciméad i réimse na bpinsean, an leasa, na hinimirce agus sláinte agus sábháilteachta, tá taithí agus saineolas faighte againn chun aistriúcháin ar ardchaighdeán a sheachadadh sna réimsí sin duitse. Aistrítear doiciméid go teangacha amhail an Ghaeilge, Sínis, Araibis, Rómáinis, Rúisis, Polainnis agus Fraincis, le haghaidh na náisiúntachtaí go léir atá ina gcónaí in Éirinn agus sa RA.
Féach ar ár bpéirí teanga go léir
Péirí Teanga a bhfuil an Tóir is mó Orthu
Mar ghníomhaireacht aistriúcháin is féidir linn beagnach gach aon teanga a aistriú go Béarla. Soláthraímid freisin aistriúchán idir na cineálacha éagsúla Béarla: Béarla na Breataine agus Béarla Mheiriceá. Bíonn difríochtaí éagsúla eatarthu maidir le litriú, gramadach agus téarmaíocht: color go colour; trunk go boot; gas go petrol. Tá na péirí teanga a bhfuil an tóir is mó orthu liostaithe mar seo a leanas:
- Aistriúchán ó Fhraincis go Béarla
- Aistriúchán ó Bhéarla Mheiriceá go Béarla na Breataine
- Aistriúchán ó Ghearmáinis go Béarla
- Aistriúchán ó Spáinnis go Béarla
- Aistriúchán ó Iodáilis go Béarla
- Aistriúchán ó Shínis go Béarla
- Aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla
- Aistriúchán ó Sheapáinis go Béarla
- Aistriúchán ó Phortaingéilis go Béarla
- Aistriúchán doiciméid Word ó Ghearmáinis go Béarla
An Raibh a Fhios Agat?
Tugtar focal nua isteach sa Bhéarla gach 98 nóiméad? Foinse: Global Language Monitor, 2009
Naisc Sheachtracha Úsáideacha
Béarla Simplithe: Cineál caighdeánach de Bhéarla scríofa chun ceapadóireacht agus aistriúchán a éascú.
Béarla Idirnáisiúnta: Caighdeán aonghnéitheach don Bhéarla a úsáidtear i Lámhleabhair Theicniúla.