Seirbhísí Aistriúcháin Spáinnise
Soláthraíonn STAR seirbhísí aistriúcháin gairmiúla ó Bhéarla go Spáinnis ar rátaí iomaíoch. Táimid anseo chun cabhrú leat do ghnó idirnáisiúnta a fhás.
Aistrímid a lán leaganacha Spáinnise, na cinn seo a leanas san áireamh:
- Spáinnis Eorpach
- Spáinnis Mheiriceá Laidineach
Agus oifigí againn sa Spáinn, sa SAM agus i Meiriceá Laidineach, fostaímid cainteoirí dúchasacha Spáinnise a bhfuil saineolas speisialta aistriúcháin acu. Leis sin, soláthraímid an t-aistriúchán áitiúil is fearr do dhoiciméid agus suíomhanna gréasáin do chuid táirgí.
Staitisticí Teanga na Spáinnise: Labhraíonn timpeall 580 milliún duine sa domhan Spáinnis. Is é sin thart ar 7.6% de dhaonáireamh an domhain.
Aistritheoirí Daonna na Spáinnise ar Ardchaighdeán
Oibrímid go dlúth lenár gcustaiméirí chun sainmhíniú a thabhairt ar an bpróiseas aistriúcháin is fearr dóibh. Áirítear leis sin próiseas láimhseála na gcomhad agus aon téarmaíocht speisialta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait. Léigh ár bpróiseas cáilíochta le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir linn cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar gá eochairfhocail nó uas-cheannlínte a fhágáil i mBéarla nó a aistriú go Spáinnis.
Foilsitheoireacht Deisce i Spáinnis
Formáidí Comhaid: Is féidir linn oibriú i bhformáid comhaid ar bith. Níl le déanamh ach ceist a chur ar ár bhfoireann maidir leis an bpróiseas is fearr le haghaidh do chuid comhad.
Aistrímid QuarkXpress, Adobe Creative Suite, InDesign agus FrameMaker, HTML, XML, AutoCAD DXF, Microsoft PowerPoint agus Excel, PDF agus fiú aistriúcháin ar pháipéar. Tá an tsaineolaíocht theicniúil agus na scileanna teanga araon againn chun do tháirgí a thabhairt chun margaidh in aon tír ina labhraítear Spáinnis.
Saineolas Teicniúil agus Saineolas na nGluaisteán
Ag obair le custaiméirí amhail BMW, DaimlerChrysler, Mowag agus Tag Heuer le níos mó ná agus 20 bliain, tá taithí fhairsing ag STAR in earnáil na ngluaisteán agus in earnáil na hinnealtóireachta teicniúla.
Léigh tuilleadh maidir lenár seirbhísí aistriúcháin teicniúla le haghaidh earnáil thionscal na nGluaisteán agus an earnáil Innealtóireachta.
Faigh tuilleadh eolais faoinár seirbhísí ar ár leathanach ceisteanna coitianta.
Cá bhfuil do tháirge á dhíol agat?
Ceann de na chéad cheisteanna a chuirfimid ort ná cén áit ina bhfuil tú i mbun gnó. Tá roinnt leaganacha ag Spáinnis, agus mar sin caithfimid a chinntiú go roghnaíonn tú an teanga cheart. An bhfuil tú ag obair i Meicsiceo nó in Barcelona?
An bhfuil seirbhísí aistriúcháin um Spáinnis Mheicsiceo nó Spáinnis Mheiriceá Laidineach ag teastáil uait? Mar a tharlaíonn sé tá an dá cheann beagnach mar an gcéanna. É sin ráite, níl an Spáinnis a úsáidtear sa Spáinn mar an gcéanna. Tá rialacha difriúla ag baint le ceannlitriú agus leis an ngramadach.
Mar an gcéanna, tá difríochtaí idir Béarla na Breataine agus Béarla Mheiriceá.
Má tá tú ag díol ar fud an domhain tá gach seans go mbeidh an dá leagan teanga de dhíth ort. Mar sin, ní mór dá aistriúchán a bheith chlúdaithe i do bhuiséad chun na torthaí is fearr a bhaint amach.
Is féidir linn Spáinnis Eorpach a thiontú go Spáinnis Mheiriceá Laidineach mar sin is féidir linn cúnamh a thabhairt duit costais an dá aistriúchán a láimhseáil.
Seirbhísí Aistriúcháin le haghaidh Shuíomhanna Gréasáin na Spáinnise
Is féidir linn cabhrú leat le do shuíomh gréasáin ar roinnt bealaí. Ba cheart duit smaoineamh ar do chuid ábhar, íomhánna, físeán, fuaimeanna agus fiú OIC (Optamú Innill Cuardaigh) a aistriú. Cabhróimid leat rangú agus fás a bhaint amach sa tír a roghnaíonn tú.
Seans gur mhaith leat an méid seo a leanas a léamh…
- Guthú i Spáinnis
- Conas do straitéis OIC a fhorbairt
- Conas is féidir Suíomh Gréasáin WordPress a aistriú le WPML?
Faisnéis Úsáideach maidir le Spáinnis
- Labhraítear níos mó ná 300 teanga i Meiriceá
- Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear sna SAM
- Frásaí Béarla go Spáinnis Saor in Aisce
- Cad é an cód diailithe don Spáinn, do Mheicsiceo nó do SAM?
- An bhfuil tionchar ag rogha datha i Meicsiceo?
Aistriúchán is féidir leat a bheith muiníneach as
Tá ár n-aistriúchán teanga deimhnithe de réir chaighdeáin cháilíochta ISO 9001 agus ISO 17100.
Tionscail a dtacaímid leo
Fostaímid sainfhoirne a thacaíonn le roinnt tionscal. Oibrímid sna tionscail seo a leanas: Teicneolaíocht Talmhaíochta, Tionscal na nGluaisteán, TF, Innealtóireacht, Meaisínre, córais bhogearraí agus tuilleadh eile nach iad.
An bhfuil aip saor in aisce ann chun Béarla a aistriú go Spáinnis?
Is meaisínaistriúchán de shaghas éigin a úsáidtear i bhformhór de na haipeanna a sheachadann aistriúchán saor in aisce. Cé nach bhfuil an t-aistriúchán chomh cruinn sin d’fhéadfadh sé cabhrú leat dul i ngleic leis an teanga. Is é Google Lens an ceann a mholfaimis, mar ligfidh sé duit comharthaí, biachláir, etc. a aistriú go tapa. Ar an mbealach seo is féidir leat do ghnó a dhéanamh le scileanna teanga teoranta.
An bhfuil córas meaisínaistriúcháin ghairmiúil ar fáil i Spáinnis?
Forbraíonn STAR córais mheaisínaistriúcháin do chustaiméirí bunaithe ar chorpais a dteanga. Is féidir linn inneall meaisínaistriúcháin Spáinnise ar leith a thógáil duit má tá ceann ag teastáil uait. Leis sin, is féidir tacú le seirbhísí meaisínaistriúcháin a bhfuil iar-eagarthóireacht déanta orthu (PEMT) chun réiteach éifeachtach ó thaobh costas de a chur ar fáil duit le haghaidh aistriúcháin ar mhórmhéid.
Cé mhéad a chosnaíonn aistriúchán Spáinnise?
Cuirtear praghas ar thionscadail aistriúcháin ar bhonn in aghaidh an fhocail. Tugaimid lascainí do chustaiméirí a úsáideann ár seirbhísí go rialta. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a gcuirimid praghas ar aistriúcháin féach ar ár leathanach praghsála. D’fhéadfadh an praghas a bheith éagsúil ag brath ar an gcineál téacs atá i gceist, i.e. má bhaineann sé le cúrsaí gnó, dlí, teicniúla etc. Is fachtóir é líon na bhfocal (méid) freisin. De ghnáth, bíonn costas idir €.13c agus €.19c in aghaidh an fhocail ar Aistriúchán, Eagarthóireacht agus Léamh Profaí (TEP), ag brath ar an doiciméad, an suíomh agus na riachtanais teanga ar leith. Chun an praghas is fearr a fháil, is fearr na comhaid a sheoladh chugainn agus is féidir linn iad a mheas ar do shon.
Cá fhad a thógann sé le haistriú go Spáinnis
Aistreoidh formhór na n-aistritheoirí gairmiúla idir 1200 agus 2000 focal in aghaidh an lae. Tá thart ar 300 focal ar an meán ar leathanach A4 – mar sin, meastachán maith é thart ar 4 leathanach in aghaidh an lae.
Seiceálann léitheoirí profaí thart ar 6000 focal in aghaidh an lae de ghnáth.
Conas a aistrítear suíomh gréasáin WordPress go Spáinnis?
Aistrímid suíomhanna gréasáin go Spáinnis ar bhonn rialta. Molaimid úsáid a bhaint as Breiseán WPML.
Cuireann an breiseán do shuíomh gréasáin in oiriúint le haistriú go dtí go leor teangacha. Féadfaidh tú a roghnú meaisínaistriúchán a dhéanamh ar an suíomh, nó é a bheith aistrithe go gairmiúil. Is féidir linn cabhrú leat an córas a chur ar bun leis an aistriúchán ar do shuíomh a dhéanamh linn.
Conas is féidir leat comhaid Adobe InDesign a aistriú go Spáinnis?
Tá an-taithí againn aistriúchán a dhéanamh ar InDesign agus Creative Suite. Is féidir linn obair go díreach le do chomhaid INDD agus IDML. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an próiseas furasta duit.
Níl le déanamh agat ach na pacáistí InDesign a sheoladh chugainn agus seolfaimid ar ais comhaid InDesign aistrithe, agus PDFanna i Spáinnis réidh le húsáid.
Mar sin cuirimid an t-aistriúchán agus na seirbhísí foilsitheoireachta deisce atá de dhíth ort ar fáil. Is féidir leat na seirbhísí ar fad atá de dhíth ort a fháil ó sholáthraí amháin.
Má tá dearthóir á úsáid agat cheana féin – is féidir linn obair go díreach leo. Leis sin, déantar an scéal níos éasca duit toisc gur féidir linn comhaid a sheachadadh agus cabhrú le do dhearthóirí le haon mhionathruithe ar an nóiméad deiridh a d’fhéadfadh a bheith uait.
Leideanna Teanga na Spáinnise
- Bí cúramach le ceannlitriú
D’fhéadfaí go mbeadh éagsúlachtaí ar na rialacha i gceist ag brath ar an réigiún agus ar an gcanúint. Mar sin, bí cinnte go roghnaíonn tú an modh ceart le haghaidh do theanga. - Níl Spáinnis mar an gcéanna i ngach réigiún. D’fhéadfadh go mbeadh bríonna difriúla ag focail atá an-chosúil lena chéile. Bíonn éagsúlacht maidir le ciall na bhfocal ag brath ar an réigiún. Sa Spáinn, tugtar “carro” ar chairt a úsáideann tú chun rudaí a bhrú nó a tharraingt chun iad a iompar, ach i Meiriceá Laidineach, is gluaisteán é.
- Is annamh is féidir nathanna cainte a aistriú. Ná húsáid iad i do dhoiciméid Béarla.
- Bí cúramach agus tú ag plé le léitheoirí profaí. Nuair a fhostaíonn tú léitheoir profaí, déan cinnte gur as dóibh an réigiún ina bhfuil do tháirge in úsáid. Fiafraigh díobh cad as dóibh. Tá táirgí feicthe againn a aistríodh le haghaidh mhargadh Mheiriceá Laidineach ach a rinne cainteoir Spáinnis Eorpach leasuithe orthu. Is féidir leo earráidí a thabhairt isteach de bharr na n-earráidí atá luaite againn thuas.
OIC na Spáinnise
Agus OIC á dhéanamh agat ar do shuíomh déan cinnte go smaoiníonn tú ar straitéis don réigiún a ndíreoidh do shuíomh air.
D’fhéadfá go mbeadh dhá shuíomh Spáinnise ag teastáil, ceann amháin don Spáinn agus an ceann eile do Mheiriceá Laidineach.
Is í an Spáinnis an tríú teanga is coitianta a úsáidtear ar an idirlíon. Is cainteoirí Spáinnise iad thart ar 36.5% d’úsáideoirí an idirlín. Ar ndóigh, cailleann tú amach ar acmhainneacht mhór díolachán i margadh na gcainteoirí Spáinnise nuair nach bhfuil in ábhar do shuímh ghréasáin ach Béarla amháin nó teanga amháin eile.
Naisc Isteach: Ba cheart go mbeadh sé mar chuid de do straitéis OIC naisc isteach a fháil ó shuíomhanna gréasáin Spáinnise. Ba cheart duit dul i dteagmháil le foireann a chabhródh leat láithreacht ar líne a fhorbairt i do spriocréigiún. Tá go leor bealaí ann chun é sin a bhaint amach ag brath ar an tionscal ina bhfuil tú agus ar na táirgí a dhíolann tú.