Seirbhísí Aistriúcháin do Lámhleabhair Úsáideoirí
Aistriúchán Ardchaighdeáin do Lámhleabhair Úsáideoirí
Cuidigh le do chustaiméirí an tairbhe is fearr a fháil ó do chuid táirgí.
I margadh domhanda an lae inniu, tá custaiméirí ag súil le rochtain a bheith acu ar aistriúcháin ardchaighdeáin ar lámhleabhair úsáideoirí le go mbeidh siad in ann iad a léamh ina dteanga féin. Is mór ag custaiméirí lámhleabhair atá cruinn go teicniúil agus éasca le tuiscint ag an am céanna.
Tá os cionn ná 30 bliain de thaithí san aistriúchán ag STAR thar níos mó ná 50 oifig ar fud an domhain. Chun cabhrú leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le do chustaiméirí nua, oibríonn ár n-aistritheoirí sna tíortha ina labhraítear an spriocteanga ionas go mbeidh an téacs deas nádúrtha agus an chuma air nach aistriúchán ar chor ar bith é.
Ionad Ilfhreastail
Mar chuid dár seirbhís, cuirimid seirbhísí foilsitheoireachta deisce ar fáil freisin más gá. Is féidir linn oibriú leis na príomhfheidhmchláir amhail InDesign, QuarkXpress, FrameMaker agus go leor eile. Táimid in ann oibriú go díreach le do bhunchomhaid agus PDFanna réidh le priontáil a sheachadadh díreach ar ais chugat.
Le hoifigí ar fud an domhain, oibrímid ar gach teanga ag an am céanna, rud a fhágann gur ionad ilfhreastail muid do do riachtanais ilteangacha ar fad.
Déan teagmháil linn inniu agus cabhróimid leat le do riachtanais aistriúcháin ar fad!