Ar An gCaighdeán Oifigiúil, STAR ag Caint
This interview is available in English.
Cén fáth a ndearnadh an ‘Caighdeán’ a athbhreithniú?
Athbhreithníodh an Caighdeán toisc go raibh éileamh ar shimplíocht agus comhsheasmhacht sa teanga scríofa oifigiúil.
Ní mór é seo a mhíniú go stairiúil; tá trí phríomhchanúint Ghaeilge ann agus labhraítear na canúintí sin i gCúige Uladh, Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht. Mar sin, bhí ciall le caighdeán scríofa amháin a chur ar fáil le haghaidh cumarsáid scríofa oifigiúil an rialtais.
Foilsíodh an chéad chaighdeán nua-aimseartha, An Caighdeán Oifigiúil, sa bhliain 1958 agus ní raibh nuashonrú déanta air ó shin go dtí seo. Ach foilsíodh cuid mhaith graiméar agus foclóirí ó shin a rinneadh soiléiriú ar, nó a chur leis an gcaighdeán bunaidh.
Is é mo thuairim go raibh réimsí den ghramadach nach raibh soiléir nó nach raibh mínithe i gceart. Anuas air sin, bhí codanna áirithe de nár ghlac cuid mhaith cainteoirí Gaeilge leo, mar sin bhí gá leis an athbhreithniú seo.
Is rud beo í teanga agus bíonn sí ag athrú i gcónaí agus fásann sí de réir a chéile. Athróidh teanga ar bith go sóisialta, déantar focail nua a shainmhíniú agus tagann athrú ar an gcaoi a labhraítear í ó lá go lá chomh maith. Mar sin tá sé tábhachtach go léireodh caighdeán scríofa ar bith na hathruithe sóisialta sin.
Mar shampla, tharla sé i rith na mblianta go raibh cuid de na graiméir Ghaeilge ag teacht salach ar a chéile ó thaobh rialacha gramadaí de. Mar sin bhí gá le hathbhreithniú chun gnéithe áirithe a shoiléiriú.
Ar ghá athbhreithniú a dhéanamh air?
Ba ghá; measaim go raibh gá leis ar chúiseanna soiléire ar an iomlán, le ligean don teanga a bheith ag fás. Tá níos mó daoine ag labhairt na teanga go hoscailte anois.
Aistrímid go breis is 50 teanga agus bhí an Ghaeilge ar an tríú teanga ba mhó éileamh inár gcás féin anuraidh. Bhí 10% dár ngnó bliana i gceist léi. Creidimid go leanfaidh sé seo de bheith ag fás. Ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge san Aontas Eorpach roinnt blianta ó shin, tá níos mó iarratas á bhfáil againn ar aistriúcháin agus iad ag teacht ó áiteanna amhail an Ghearmáin agus tíortha eile ar an Mór-Roinn. Mar sin ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil caighdeán ár gcuid Gaeilge go hard ar mhaithe le freastal ar chaighdeáin nua-aimseartha na hEorpa. Is maith an seans gur chóir athbhreithniú mar seo a dhéanamh ar bhonn leanúnach.
An ndéanann sé seo difear ar bith do STAR?
Ní bheidh tionchar mór aige seo orainn ó thaobh ár ngnó ó lá go lá. Tá treoirlínte cáilíochta thar a bheith dian curtha i bhfeidhm againn cheana maidir le haistriúcháin.
Is é an gné dhearfach den athbhreithniú seo ná go soiléiríonn agus go leathnaíonn sé an caighdeán bunaidh. Ciallaíonn an leathnú seo go bhfuil an chuid is mó den obair aistriúcháin a bhí déanta againn roimhe seo gan locht. Ach is dócha go gciallóidh sé go mbeidh sé níos éasca dúinn amach anseo. Maidir lenár bhfoirne aistriúcháin a dhéanann an obair seo, is beag difear atá i gceist. Ach ba chóir go n-éireoidh a gcuid oibre beagán níos éasca mar thoradh ar an soiléiriú. Tá cuid den phlé a bhí ar siúl againn maidir le cúrsaí stíle réitithe anois mar gheall air.
Céard a dhéanann an t-athbhreithniú seo dúinne?
Is é an tuiscint atá agamsa air ná go leathnaíonn sé an úsáid ghramadaí atá ceadaithe. Mar sin is dócha gurb iad an dream is mó a n-imreoidh sé tionchar orthu ná cainteoirí dúchais nach raibh a ndifríochtaí canúna aitheanta sa Chaighdeán go dtí seo.
I gcás an aistritheora, leathnaíonn sé líon na bhfoirmeacha gramadaí is féidir linn a úsáid inár n-aistriúcháin.
Amach uaidh sin, ní bheidh mórán tionchair aige ar aistritheoirí. Ach tugann sé níos mó roghanna dóibh maidir le cén chaoi ar féidir rudaí a aistriú go Gaeilge chaighdeánach.
Mar sin bhí dhá phríomhghné i gceist leis an athbhreithniú seo:
- Soiléiríonn sé gnéithe de ghramadach na teanga
- Leathnaíonn sé gnéithe gramadaí na teanga, agus is boinn mhaithe iad seo go léir le haghaidh fáis ar a húsáid amach anseo
Céard a dhéanann STAR?
Soláthraíonn STAR seirbhísí aistriúcháin go breis is caoga teanga, amhail Gaeilge, Fraincis, Sínis, Arabais agus mar sin de.
Bímid ag obair le comhlachtaí rialtais, earnála poiblí agus príobháideacha le cabhrú leo cumarsáid a dhéanamh ar fud an domhain. Oibrímid le go leor ranna rialtais anseo in Éirinn agus muid ag soláthar seirbhísí aistrithe doiciméad agus suíomhanna gréasáin. Tá an-tábhacht le cáilíocht, dar linn. Tá deimhniú ISO 9001 agus EN 15038 bainte amach againn, mar siad is mór againn caighdeáin. Táimid ag obair leis an gCaighdeán Oifigiúil ó thosaíomar ag aistriú sa bhliain 2001.
Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach don teanga?
Mar a dúirt mé cheana, is rud beo athraitheach í teanga ar bith. Bíonn an úsáid shóisialta agus an chaoi a mbíonn daoine ag labhairt ag athrú i gcónaí. Ceaptar focail nua agus éiríonn daoine as focail eile a úsáid. D’fhéadfadh an bealach a chuirimid nithe áirithe in iúl athrú chomh maith. Má dhéanann tú scrúdú ar leabhar Gaeilge ó 1912, feicfidh tú go bhfuil sé an-difriúil le leabhar Gaeilge ó 1950. Le blianta beaga anuas, cuireadh tús le roinnt tionscnaimh rialtais maidir le téarmaíocht, amhail focal.ie, le cabhrú leis an teanga téarmaíocht nua-aimseartha a chuimsiú. Mar shampla, ar chóir duit an téarma ‘fón’ nó ‘guthán póca’ a thabhairt ar ‘phone’. Níl sna focail ach brící tógála chun abairtí a dhéanamh, agus tá siad go léir tábhachtach le haghaidh cumarsáide. Mar sin sa chás go bhfuil focal.ie tar éis focail agus frásaí a úsáidimid a nuashonrú, soiléiríonn an Caighdeán cén chaoi a dtógfaimid agus a leathnóimid ár dteanga. Tá gá leis an dá rud sin chun leanúint den fhás seo.
Cén chaoi a mbeidh an Ghaeilge ag forbairt amach anseo, dar leat?
Ba mhaith go ndéanfaí athbhreithniú den chineál seo go leanúnach.
Tá sé le feiceáil go bhfuil cultúr Gaeilge níos nua-aimseartha ag teacht chun cinn sa lá atá inniu ann. Creidim go gciallaíonn an aird atá ar an Eoraip agus an geilleagar aonair go bhfuil an t-aos óg ag machnamh ar an rud atá i gceist le féiniúlacht Éireannach. Ar láimh amháin, creideann cuid mhaith daoine go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis, ach ar an láimh eile, tá an t-athmheasúnú seo ag cabhrú leis an teanga a athrú agus a fhás agus is cuid níos tábhachtaí de chultúr na n-óg í an Ghaeilge anois. Tá sé seo le feiceáil ar an teilifís, le cloisteáil ar an raidió agus sna meáin eile ar an saolta seo. Tá cláir as Gaeilge atá “faiseanta” á gcruthú anois, mar shampla.
Tá sé ag éirí níos nádúrtha go mbíonn daoine ag úsáid beagán Gaeilge ina saol laethúil, go háirithe i measc daoine óga. Tá deireadh leis an traidisiún de dhíriú ar fhoghlaim na Gaeilge ar scoil amháin. Féachtar ar an nGaeilge mar dhlúthchuid bheo den fhéiniúlacht Éireannach anois, seachas mar ábhar amháin is gá a fhoghlaim ar scoil. Tá cuid mhaith teicneolaíochta ar fáil chomh maith as Gaeilge, amhail suíomhanna gréasáin a chabhraíonn le foghlaim na teanga, feidhmchláir is féidir a íoslódáil, agus mar sin de.
Mar is cinnte gur ábhar bróid é cultúr sóisialta teicneolaíochta faisnéise na Nua-Ghaeilge ag cuid mhaith daoine ar mór leo an teanga. Creidim go leanfaidh sé seo de bheith ag fás, mar sin measaim go bhfuil athrú chun feabhais ag teacht ar an nGaeilge dá bharr.